Is iondúil go mbíonn aon eintiteas amháin i gcroílár na n-eagraíochtaí a ritheann go maith, ar eintiteas é a fheidhmíonn mar cheann feadhna. San Ionad Aistriúcháin, is é sin ról na Roinne Bainistithe Oibríochtaí.

Tá na trí rannóg seo a leanas sa roinn sin:

  • An Rannóg Bainistithe Sreafaí Oibre
  • An Rannóg Ard-Réiteach Teanga
  • An Rannóg Sreafaí Oibre Sonracha agus Téarmaíochta

An Rannóg Bainistithe Sreafaí Oibre

Tá an Rannóg Bainistithe Sreafaí Oibre (WMS) freagrach as dea-phróiseáil na n-iarratas go léir ar sheirbhísí teanga san Ionad, ón uair a fhaightear an t-iarratas go dtí go soláthraítear an táirge deiridh. Tá baill den rannóg freagrach as na nithe seo a leanas:

  • iarratas a fháil, anailísiú a dhéanamh orthu agus iad a bhailíochtú, agus más gá raon feidhme iarratais a shoiléiriú nó spriocdhátaí a shocrú le cliaint;
  • na seirbhísí éagsúla a iarrann cliaint a shannadh d’aistritheoirí inmheánacha agus do shaoraistritheoirí;
  • a áirithiú go mbíonn na comhaid d’aistritheoirí, do théarmeolaithe agus do theangeolaithe comhoiriúnach leis an teicneolaíocht teanga a úsáidtear san Ionad, agus go ndéantar táirgí deiridh na gcliant a fhormáidiú i gceart sular seachadtar iad;
  • uirlisí teicneolaíochta teanga a úsáid agus a chothabháil chun réamhphróiseáil iomlán a dhéanamh ar na comhaid a fhaightear;
  • a áirithiú go dtugtar gach jab ar ais don chliant faoin spriocdháta agus san fhormáid riachtanach;
  • aiseolas ó chliaint a láimhseáil trí fheidhmiúlacht an Iarratais ar Leagan Ceartaithe (CVR).

Is í an rannóg seo a stiúrann Tairseach na gCliant freisin.

Cuireann WMS tacaíocht theicniúil ar fáil d’aistritheoirí tríd an sreabhadh oibre aistriúcháin ar fad. Ina theannta sin, cuireann sí cúrsaí oiliúna ar fáil ina réimsí éagsúla speisialtóireachta (e.g. uirlisí CAT, fotheidealú, etc.).

An Rannóg Ard-Réiteach Teanga

Bunaíodh an Rannóg Ard-Réiteach Teanga (ALS) d'fhonn leas a bhaint as an teicneolaíocht IS agus teanga is déanaí. Is éard atá inti:

  • An Fhoireann Teicneolaíochta Teanga, a dhéanann monatóireacht ar threochtaí agus ar nuálaíochtaí a bhaineann le seirbhísí teanga, a dhéanann anailís ar conas is féidir leis an Ionad cabhrú lena chliaint ar an mbealach is fearr chun a gcuid riachtanas cumarsáide a chomhlíonadh, agus a fhorbraíonn seirbhísí ríomhaistriúcháin agus seirbhísí uathaitheanta cainte agus a thacaíonn leo siúd.
  • Déanann an tIonad an Grúpa Idirinstitiúideach IATE agus comhordaitheoir EurTerm (an t-ardán comhoibritheach idirinstitiúideach do théarmeolaithe) a óstáil ar son na gcomhpháirtithe tionscadail IATE.

An Rannóg Sreafaí Oibre Sonracha agus Téarmaíochta

Díríonn an Rannóg Sreafaí Oibre Sonracha ar fhorbairt agus ar chomhordú sreafaí oibre sonracha arna gceapadh mar fhreagairt ar riachtanais cliant, amhail trádmharcanna agus dearaí do EUIPO. Bainistíonn foireann TraMark an sreabhadh oibre ó cheann go ceann chun trádmharcanna agus dearaí AE a aistriú, agus comhordaíonn an fhoireann Bainistithe Téarmaíochta tionscadail téarmeolaíochta.