B’ionann agus éacht suntasach i gcomhar idirinstitiúideach é an tionscadal Téarmaíocht Idirghníomhach don Eoraip (IATE) nuair a sheol an tIonad Aistriúcháin é in 1999. Ceapadh IATE ar dtús mar uirlis chun téarmaíocht a bhainistiú agus a chaighdeánú, agus ina dhiaidh sin chun tacú le dréachtú ilteangach théacsanna AE. Tá IATE anois ina chóras casta, dinimiciúil bainistithe téarmaíochta.
Ó cuireadh ar fáil don phobal é in 2007, tá cruinnithe le chéile in IATE acmhainní téarmaíochta na seirbhísí aistriúcháin AE ar fad. Bainistíonn an tIonad Aistriúcháin gnéithe teicniúla an tionscadail thar ceann chomhpháirtithe an tionscadail, lena n‑áirítear Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, an Chúirt Bhreithiúnais, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún, maille leis an mBanc Eorpach Infheistíochta.
Mar chuid den mhóreisiúint ba dhéanaí, a seoladh i mí na Nollag 2025, tugadh isteach comhéadan atá athnuaite go hiomlán, i dteannta le hinúsáidteacht fheabhsaithe agus gnéithe eile in-saincheaptha. Rinneadh cuid mhór de na gnéithe atá ann cheana a nuashonrú agus a bheachtú d’fhonn eispéireas níos rianúla agus níos éifeachtúla a chur ar fáil d’úsáideoirí.
Chun na nuashonruithe is déanaí a fháil, féach na Nótaí eisiúna ar shuíomh gréasáin IATE.
Bain triail as Giuirléid chuardaigh IATE a seoladh le déanaí chun teacht go furasta ar théarmaíocht AE
Bileoga IATE
Bróisiúr IATE
Cuardaigh de réir bailiúcháin
Cuardach bunúsach – Radharc na n‑ateangairí
Cuardach bunúsach – Gnáthradharc
Príomhghnéithe IATE:
- Cabhair IATE ar líne – treoir céim ar chéim agus leideanna maidir le nascleanúint tríd an gcóras
- Cuardaigh i 24 theanga AE agus i roinnt teangacha neamh-AE – cuardach tapa ilteangach
- Giuirléid chuardaigh IATE – feidhmiúlacht chuardaigh IATE a leabú ar ardáin nó ar shuíomhanna gréasáin eile
- Cuardaigh sábháilte agus cuardaigh is déanaí – rochtain éasca ar na cuardaigh a rinne tú roimhe seo
- Leabharmharcanna – marcáil iontrálacha nó leathanaigh chun rochtain thapa a fháil orthu níos déanaí
- Leathanaigh pionnáilte – do thacar a shaincheapadh
- Staitisticí agus tuairisciú – rianú a dhéanamh ar úsáid, treochtaí agus rannchuidiú