Image
CdT building

Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh
Bâtiment Technopolis Gasperich
12E, rue Guillaume Kroll
L-1882 Lucsamburg

Faisnéis ghinearálta

+352 42 17 11 1 (Luan-Aoine: 09.00 - 12.30 / 14.00 - 17.00)

cdt@cdt.europa.eu

Teagmhálaithe sonracha

Ábhar Ríomhphost/láithreán gréasáin
Fiosrúcháin phreasa agus meán communication@cdt.europa.eu
Cliaint - cúrsaí oibríochtúla Féach an chuid ‘Teagmháil’ ar Thairseach na gCliant
Soláthraithe seirbhíse teanga seachtracha - conas oibriú linn Féach ár láithreán gréasáin
Cúrsaí AD/earcaíocht/cúrsaí oiliúna

E-selection@cdt.europa.eu (fiosrúcháin a bhaineann le nósanna imeachta roghnúcháin ar leith)

ressourceshumaines@cdt.europa.eu

Tairiscintí tenders@cdt.europa.eu
Deasc Freastail TF servicedesk@cdt.europa.eu
Láithreán gréasáin CdT – ceisteanna teicniúla webmaster@cdt.europa.eu

Iarrataí ar dhoiciméid

Chun doiciméid a fháil nach bhfuil ar fáil go díreach ar láithreán gréasáin an Ionaid Aistriúcháin, líon isteach agus cuir isteach an ‘fhoirm iarrtha doiciméad’.

Conas an tIonad Aistriúcháin a bhaint amach 

Image
E wing of the building
Tá an foirgneamh Technopolis Gasperich suite sa cheantar ‘Cloche d’Or’ (Gasperich), ceantar gnó atá cóngarach do chathair Lucsamburg. Táimid lonnaithe in ionad foirgneamh atá comhdhéanta de thúr agus cúig sciathán cothrománacha. Tá an tIonad Aistriúcháin suite i ‘Sciathán E’.

Ar an traein

Tá an Stáisiún Traenach Láir suite i ndeisceart Chathair Lucsamburg, thart ar 3 km ó ‘Cloche d’Or’.

Bíonn tacsaithe ann os comhair an stáisiúin. I dtacsaí: is é 8 nóiméad an meán-am taistil ón Stáisiún Traenach Láir.

Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach www.cfl.lu.

Ar an mbus

Tugtar ‘Scharfen Eck’ ar stad an bhus is cóngaraí d’fhoirgneamh Technopolis Gasperich.

Ón Stáisiún Traenach Láir, tabharfaidh an bus uimhir ‘18’ thú i dtreo ‘Kockelscheuer’ chuig ‘Scharfen Eck’ (turas bus thart ar 20/30 nóiméad, ag brath ar thréimhse an lae).

Tá dhá stad bus eile nach bhfuil ach thart ar 5-10 nóiméad ag siúl ónár bhfoirgneamh, ar a dtugtar:

  • ‘Ruppert’ (in rue Guillaume Kroll), agus
  • ‘Jean Piret’ (in rue Jean Piret).

Le haghaidh sonraí ar conas an tIonad Aistriúcháin a bhaint amach ar an mbus, lean an nasc seo le do thoil: https://www.mobiliteit.lu

Ar thram

Ó mhí Iúil 2024 i leith, is féidir an tIonad a shroicheadh le tram freisin.

Is féidir tram T1 a thógáil go díreach ó Aerfort Lucsamburg (thart ar 45 nóiméad) nó ó Stáisiún Traenach Lárnach Lucsamburg (thart ar 14 nóiméad) go dtí an stad ‘Stadion’. Uaidh sin, níl san Ionad ach siúlóid 4 nóiméad.

Chun pleanáil mhionsonraithe turais agus amchláir a fháil, féach ar shuíomh gréasáin oifigiúil an iompair phoiblí: https://www.mobiliteit.lu 

I gcarr

Comhordanáidí GPS: N 49.579780, E 6.112512

Cibé an bhfuil tú ag teacht ón bhFrainc, ón nGearmáin nó ón mBeilg, ar mhótarbhealach an A3, tóg an bealach amach ‘Gasperich’.

Tá spásanna páirceála ar fáil do chuairteoirí ar an Ionad. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh i dteagmháil leis an Rannóg Saoráidí agus Slándála. Tá spásanna páirceála poiblí lasmuigh sa cheantar freisin (le méadair pháirceála) feadh rue Guillaume Kroll.

Ar eitleán

Tá Aerfort Findel Lucsamburg suite díreach taobh amuigh de chathair Lucsamburg, 15 km ó ‘Cloche d’Or’.

I dtacsaí ón aerfort chuig an Ionad Aistriúcháin: is é 15 nóiméad an meán-am taistil.

Bus (tríd an Stáisiún Traenach Láir): is féidir bus cathrach (Uimh. 16) a fháil chuig an Stáisiún Traenach Láir (turas thart ar 30 nóiméad). Téann bus Uimh. 29 ón aerfort go Cloche d’Or (fan ar an mbus go dtí an stad deireanach, i dtreo ‘Guillaume Kroll’). Tá na stadanna bus ag an aerfort os comhair phríomhbhealach isteach an aerfoirt agus tá amchláir leictreonacha ann.

Is féidir le Tram T1 tú a thógáil go díreach ón aerfort go Cloche d’Or (stad ‘Stadion’), agus siúlóid 4 nóiméad go dtí an tIonad ina dhiaidh sin. 

Tabhair do d’aire go bhfuil iompar poiblí (traenacha agus busanna) saor in aisce i Lucsamburg.

Léarscáil

123movies

 

Foinse: Googlemaps