Is é Stiúrthóir an Ionaid Aistriúcháin ionadaí dlíthiúil na gníomhaireachta, duine a thuairiscíonn chuig Bord Bainistíochta an Ionaid. Tá an Stiúrthóir i gceannas ar bhainistíocht agus riarachán an Ionaid agus tá na príomhfhreagrachtaí seo a leanas air:
- an clár oibre, an buiséad agus na cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm;
- na cúraimí a shanntar don Ionad a chur i gcrích;
- riarachán ó lá go lá;
- gach ábhar a bhaineann leis an bhfoireann.
Tugann foireann an Ionaid Aistriúcháin sna ranna agus sna rannóga cúnamh don Stiúrthóir, mar atá léirithe sa chairt eagrúcháin.
Tá an Stiúrthóir freagrach go díreach as an Rannóg Cuntasaíochta, as an Oifigeach Slándála Faisnéisíochta Áitiúil (LISO) agus as an Rannóg um Chaidreamh le Páirtithe Leasmhara agus Cumarsáid.
An Rannóg Cuntasaíochta
Is é an Bord Bainistíochta a cheapann an tOifigeach Cuntasaíochta agus cuireann sé/sí a chuid/a cuid dualgas i gcrích go neamhspleách. Is é an tOifigeach Cuntasaíochta agus a fhoireann/a foireann atá freagrach as ioncam, caiteachas agus cuntais a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacháin is infheidhme. Tá an tOifigeach Cuntasaíochta freagrach as cistí a bhainistiú agus as sonrascadh a bhaineann le gníomhaíochtaí an Ionaid. Chun na tascanna sin a chur i gcrích, bíonn an tOifigeach Cuntasaíochta ag obair i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach, le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus le hiniúchóirí seachtracha.
Oifigeach Slándála Faisnéisíochta Áitiúil (LISO)
Tá an LISO freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann córais TF an Ionaid na caighdeáin slándála ábhartha.
An tOifigeach a bhfuil Bainistíocht Riosca agus Comhordú Rialaithe Inmheánaigh de chúram air (ORMICC)
Tá an ORMICC freagrach as an straitéis rialaithe inmheánaigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Eagraíonn an ORMICC féinmheasúnú ar Chreat Rialaithe Inmheánaigh an Ionaid agus cuireann sé comhairle ar fáil maidir le bainistíocht riosca, rud a chinntíonn go ndéantar rioscaí a shainaithint go leanúnach agus go ndéantar iad a bhainistiú go cuí.
An Rannóg um Chaidreamh le Páirtithe Leasmhara agus Cumarsáid
Feidhmíonn an Rannóg um Chaidreamh le Páirtithe Leasmhara agus Cumarsáid mar chomhéadan straitéiseach an Ionaid Aistriúcháin lena pháirtithe leasmhara. Tá ról lárnach ag an Ionad maidir le for-rochtain phoiblí an Ionaid a mhúnlú, agus rannpháirtíocht chuiditheach a chothú a chuireann bonn eolais faoi fhorbairt a chuid seirbhísí.
Áirítear an méid seo a leanas ar phríomhchúraimí na Rannóige:
- Idirphlé a éascú chun coinneáil ar an eolas maidir le riachtanais agus tosaíochtaí athraitheacha na bpáirtithe leasmhara
- Gníomhaíochtaí cumarsáide a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus teachtaireachtaí comhsheasmhacha a áirithiú ar fud na n‑ardán
- Ionadaíocht a dhéanamh ar an Ionad i líonraí cumarsáide ar fud an Aontais, monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí nua, agus rannchuidiú le tionscadail nuálaíochta
- Tacú le seirbhísí a dhearadh agus a chur chun cinn, agus rannchuidiú le tionscadail inmheánacha chun tairiscint an Ionaid a fhorbairt tuilleadh i gcomhréir le riachtanais athraitheacha ilteangacha