Fotheidealú

Is é fotheidealú an léiriú téacsúil de theanga labhartha i bhfíseán, ar bhealach a éascaíonn leagan den téacs ar an scáileán. D'fhéadfadh ‘spotáil’ a bheith san áireamh leis an tseirbhís, i.e. sioncrónú na bhfotheideal agus an fhiseáin. Féadfar fotheidil a chur ar fáil i mbunteanga an fhíseáin amháin, nó i dteanga amháin eile nó i dteangacha éagsúla eile, agus soláthraítear iad le cóid ama a léiríonn an t-am beacht ina gcuirtear fotheideal ar taispeáint agus cé chomh fada is atá sé le feiceáil ar an scáileán.

Tras-scríobh

Is é atá i gceist le tras-scríobh comhad fuaime agus/nó físchomhad a thiontú ina théacs scríofa ar ardchaighdeán. Is trí theicneolaíochtaí aithint cainte a dhéantar é sin agus ina dhiaidh sin déanann duine de theangeolaithe an Ionaid iar-eagarthóireacht ar an aschur amh. D’fhéadfadh cóid ama agus aithint an chainteora a bheith mar chuid den aschur scríofa deiridh.

Tras-scríobh uathoibríoch

Is éard atá i gceist le tras-scríobh uathoibríoch comhad fuaime nó físchomhad a thiontú go huathoibríoch ina théacs scríofa trí theicneolaíochtaí aithint cainte a úsáid. Murab ionann is an tseirbhís Tras-scríofa, ní dhéanann daoine aon iar-eagarthóireacht ar an aschur amh a tháirgtear.