Céard is fianán ann?
Is comhad beag é fianán ina bhfuil téacs ar shábhálann láithreán gréasáin é ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán sin. Tá fianáin in úsáid go forleathan chun láithreáin ghréasáin a reáchtáil, nó chun iad a dhéanamh níos éifeachtúla trí do chuid sainroghanna a chuimhneamh (i ndáil le teanga, clómhéid, agus socruithe féachana láithreáin eile ar do ríomhaire). Mar sin, ní gá iad a thabhairt chun réitigh ar gach cuairt. Ní úsáideann an láithreán seo ach amháin an fianán a bhaineann le teanga, rud a stórálann do rogha teanga le haghaidh cuairteanna ar an láithreán sa todhchaí (má ghlacann tú leis) nó ach amháin le haghaidh an tseisiúin nascleanúna seo (má dhiúltaíonn tú é). Sa chás deireanach seo, is fianán seisiúin é seo.
Baineann láithreáin ghréasáin an Ionaid Aistriúcháin Piwik, ar modúl gréasáin anailísíochta é a chuidíonn le hanailís a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as a chuid láithreán. Chun na críche sin, úsáideann Piwik fianáin freisin, rudaí a chuirtear ar do ríomhaire.
Baineann an fhaisnéis atá ginte ag na fianáin seo le húsáid ár láithreán - gnáthfhaisnéis faoin modh rochtana, faoin tír thionscnaimh, faoin na leathanaigh ar a dtugadh cuairt agus faoi iompar na gcuairteoirí. Déantar anailís ar na nithe sin d'fhonn tuarascálacha measúnaithe a ghiniúint don Ionad Aistriúcháin ar an úsáid a bhaintear as na láithreáin.
Agus Piwik á óstáil ag an Ionad Aistriúcháin, ní bheidh sé ar fáil d'aon tríú páirtí agus ní bhainfear úsáid as ar aon chuspóir eile seachas na cuspóirí sin a shonraítear anseo.
Conas fianáin a rialú?
Is féidir fianáin a bhainistiú agus a scriosadh de réir mar atá ag teastáil. Is féidir gach fianán a sábháladh cheana féin ar do ríomhaire a scriosadh agus is féidir an chuid is mó de bhrabhsálaithe a chumrú chun sábháil na bhfianán a chosc. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach AboutCookies.org.