Céard iad fianáin?

Is téacschomhaid bheaga iad fianán a shábháiltear ar do ríomhaire nó ar do ghléas móibíleach nuair a thugann tú cuairt ar láithreán gréasáin. Úsáidtear fianáin go forleathan chun láithreáin ghréasáin a dhéanamh níos éifeachtaí trí do shochrucháin úsáideora a stóráil (amhail do rogha theanga, an chlómhéid agus roghanna eile scáileáin) ionas nach gá duit iad a shonrú gach uair a thugann tú cuairt ar láithreán gréasáin éigin. Baintear úsáid as fianán ar an láithreán gréasáin seo chun do roghanna teanga a shábháil, rud a chiallaíonn gur féidir leat do rogha theanga a úsáid le haghaidh gach cuairte ina dhiaidh sin (má ghlacann tú le fianáin) nó le haghaidh do sheisiúin reatha (má dhiúltaíonn tú iad). Sa dara cás acu, cruthófar fianán seisiúin don láithreán gréasáin.

Baineann láithreán gréasáin an Ionaid Aistriúcháin úsáid as Europa Analytics freisin ar seirbhís chorparáideach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh í a chabhraíonn linn an chaoi a n-úsáideann daoine ár láithreáin ghréasáin a mheas. Chuige sin, braitheann Europa Analytics ar fhianáin a stóráiltear ar do ríomhaire freisin.

Baineann na sonraí a chruthaítear ag na fianáin seo le húsáid ár láithreán gréasáin (sonraí caighdeánacha maidir leis an gcineál gléis a úsáidtear, an tír thionscnaimh, líon na leathanach amharctha agus gníomhaíochtaí glactha) agus a chuimsítear go hanaithnid i dtuairiscí anailíseacha don Ionad Aistriúcháin.

Conas fianáin a rialú

Tá smacht iomlán agat ar an gcaoi a mbainistítear agus a scriostar fianáin. Is féidir leat fianáin atá sábháilte ar do ríomhaire a scriosadh agus is féidir an chuid is mó de bhrabhsálaithe a chumrú sa chaoi is go ndiúltaítear fianáin. Chun tuilleadh a fhoghlaim, téigh chuig AboutCookies.org